User Settings

  • Background
  • Fade speed
  • Music
  • Text size
Choose a backgound theme.
Choose the speed the daily prayer fades between stages.
Choose music to play during the daily prayer.
Choose the size of the text for your daily prayer.

Urnaí laethúil - 2023-09-19

Láthair Dé

Cuirim i gcuimhne dom féin go bhfuilim i láthair Dé.
Tá tearmann agam i gcroí mo Thiarna
a bhíonn mar neart i mo laigí
agus mar shólásaí in amanna an bhróin.

Saoirse

Tá saoirse agam.
Nuair a fhéachaim ar na focail sin i scríbhinn cruthaíonn siad iontas ionam.
Buíochas le Dia as ucht saoirse a bheith agam.

Tabhair faoi deara

I láithreacht ghrámhar Dé
féachaim siar ar an lá, ó thús deireadh.
Gabhaim buíochas as gile na gréine agus áilleacht an lae.
Tugaim suntas do na tréimhsí dorcha
agus an teachtaireacht a thugann siad dom.
Iarraim cneasú, misneach agus maithiúnas.

Briathar Dé

Lúcás 7:11-17

Tharla ina dhiaidh sin go ndeachaigh sé isteach i gcathair ar a nglaotar Náín, agus bhí a dheisceabail agus slua mór á thionlacan. Agus nuair a bhí sé i ngar do gheata na cathrach, bhí marbh á thabhairt amach le cur, aonmhac a mháthar, agus ise ina baintreach, agus sochraid mhór de mhuintir na cathrach léi. Agus nuair a chonaic an Tiarna í, ghlac sé trua di agus dúirt léi: "Ná bí ag gol." Agus chuaigh sé anonn agus bhain leis an gcróchar, agus stad an lucht iompair. Agus dúirt sé: "A fhir óig, deirim leat, éirigh!" Agus d'éirigh an marbh aniar, agus thosaigh ag caint, agus thug sé dá mháthair é. Agus ghabh uamhan cách, agus bhí siad ag tabhairt glóire do Dhia, ag rá: "Tá fáidh mór éirithe inar measc"; agus: "Rinne Dia a phobal a fhiosrú." Agus leath an tuairisc sin air ar fud Iúdáia go léir agus na tíre go léir timpeall.

Smaointí ar Scrioptúir an lae

Active
Default
  • Nuair a bhíonn tú i láthair an radhairc seo le linn duit bheith ag guí, bíonn mothúcháin as cuimse ann. Mothaíonn tú brón ó chroí faoin mbaintreach a chaill a haonmhac. Ansin bíonn áthas iontach ann, is dócha, nuair a tháinig sé ar ais ó na mairbh. Is ait nach gcuirtear é sin in iúl dúinn ach tugann an scéal tagairt do thionchar na míorúilte ar na daoine timpeall. Ghlac eagla ar dtús iad. Ansin thug siad glóir do Dhia as Íosa a chur chucu, Íosa bhí ag déanamh na n-iontas sin i measc na ndaoine.
  • An bhfuil aon amanna nó imeachtaí i do shaol, cinn nach bhfuil chomh suntasach leis an scéal seo, nuair a ghabh tú buíochas le Dia as beannacht éigin?

Comhrá

Cad a bhíonn ag corraí ionam le linn dom a bheith ag guí?
An mbraithim sólás, dólás, brón, buairt?
Samhlaím Íosa ina sheasamh nó ina shuí cóngarach dom.
Roinnim mo chuid rún leis.
Faighim faoiseamh agus suaimhneas.

Críoch

Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh,
Mar a bhí ar dtús, mar atá anois agus mar a bheas go brách;
Trí shaol na saol.

Amen

Cuireann muid fáilte roimh d’aiseolas faoin bpaidir laethúil. Ba bhreá linn smaointe maidir le cur chun cinn an tsuímh a fháil freisin.

an suíomh urnaí reatha ag na hIosánaigh Éireannacha