User Settings

  • Background
  • Fade speed
  • Music
  • Text size
Choose a backgound theme.
Choose the speed the daily prayer fades between stages.
Choose music to play during the daily prayer.
Choose the size of the text for your daily prayer.

Urnaí laethúil - 2023-09-20

Láthair Dé

Moillim ar feadh nóiméid
agus déanaim machnamh ar láithreacht Dé istigh ionam,
i ngach ball de mo chorp, i ngach uile rud mórthimpeall orm
agus go domhain i mo bheatha go hiomlán.

Saoirse

Tá sé fuirist a bheith gafa le cúraimí an tsaoil
agus le háirgí saolta.
Cabhraigh liom, a Thiarna, gan a bheith santach ná leithleasach.
Meabhraigh dom go bhfuil na nithe is fearr saor in aisce
- grá, gáire agus roinnt lena chéile.

Tabhair faoi deara

Cén áit a bhraithim dóchas, uchtach agus fás i mo shaol?
Ag breathnú siar tamall b’fhéidir go raibh eachtraí agus ócáidí a chabhraigh liom fás.
Déanfad deimhin am agus spás a thabhairt dóibh seo sa todhchaí.

Briathar Dé

Lúcás 7:31-35

Uime sin, cad leis a gcuirfidh mé lucht na glúine seo i gcomparáid? Cad leis ar cosúil iad? Tá siad cosúil leis na leanaí seo a bhíonn ina suí in áit an mhargaidh ag glaoch chun a chéile agus a deir:

'Rinneamar píobaireacht daoibh, ach ní dhearna sibh rince; rinneamar caoineadh, ach ní dhearna sibh gol.’

“Óir tá Eoin Baiste tagtha, gan é bheith ag ithe aráin ná ag ól fíona, agus deir sibh: ‘Tá deamhan ann!’ Tá Mac an Duine tagtha ag ithe agus ag ól, agus deir sibh: ‘Féach, fear craois agus póite, cara do phoibleacánaigh agus do pheacaigh.’ Ach fuair an eagna a ceart óna clann féin uile.”

 

Smaointí ar Scrioptúir an lae

Active
Default
  • Cuireann an sliocht seo i gcuimhne dúinn go mbíonn claonadh ag leanaí a gcuid mothúchán a léiriú, díreach ag an am a mbíonn na mothúcháin acu. Is féidir le daoine fásta a gcuid mothúchán a roinnt. Is féidir leo ord a chur isteach sa saol agus tús áite a thabhairt don chiall agus don iontaoibh. Cuidíonn Dia linn an cineál seo aibíochta a fhás ionainn. Trínár gcaidreamh Leis foghlaimímid conas a bhealaí a leanúint. Tugann sé a eagna dúinn ionas gur féidir linn bheith i gceannas ar ár saol, gan bheith inár n-íospartaigh de bharr ár mothúchán. A Thiarna, go raibh mo radharc agam agus go dtuige mé.

Comhrá

I gcomhrá bíonn caint agus éisteacht i gceist.
Chomh maith le bheith ag caint le hÍosa ní mór dom a bheith socair agus éisteacht le hÍosa.
Samhlaím séimhe ina shúile le linn dó a bheith ag féachaint orm go grámhar, lúcháireach.
Is féidir liom a bheith macánta le hÍosa le linn dom mo chúraimí agus mo bhuarthaí a scaoileadh leis ó íochtar mo chroí.
Iarraim ar Íosa cabhrú liom mo mhuinín a chur ann go hiomlán toisc go dtuigim go dtugann sé an rud is fearr dom i gcónaí.

Críoch

Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh,
Mar a bhí ar dtús, mar
atá anois agus mar a bheas go brách;
Trí shaol na saol.

Amen

Cuireann muid fáilte roimh d’aiseolas faoin bpaidir laethúil. Ba bhreá linn smaointe maidir le cur chun cinn an tsuímh a fháil freisin.

an suíomh urnaí reatha ag na hIosánaigh Éireannacha