Láthair Dé
Tá Dia anseo liom, anois, fiú muna bhfeicim é le mo shúile.
Ní tharraingím anáil gan é.
Tá Sé níos cóngaraí dom ná mar atá mé dom féin.
Cuimhním ar rúndiamhar Dé ionam agus timpeall orm.
Tá Dia anseo liom, anois, fiú muna bhfeicim é le mo shúile.
Ní tharraingím anáil gan é.
Tá Sé níos cóngaraí dom ná mar atá mé dom féin.
Cuimhním ar rúndiamhar Dé ionam agus timpeall orm.
Dá mbá mhian le Dia rud eigin a rá liom, an mbeadh a fhios agam?
Dá mbeadh sé ag iarraidh mo dhúshlán a dhéanamh,
ná mé a chur ar mo shuaimhneas, an dtabharfainn é faoi deara?
Iarraim air cabhrú liom bheith saor ó mo chúraimí pearsanta féin,
agus ullamh leis an méid atá le rá aige a chloisteail.
Agus fhios agam go bhfuil grá gan choinníollacha ag Dia domsa,
is féidir liom a bheith macánta faoi chonas mar atáim.
Conas mar a bhí an lá liom? Agus conas a bhraithim anois?
Labhraim go macánta le Dia.
Tharla ina dhiaidh sin gur thaistil sé cathracha agus bailte ag seanmóir agus ag fógairt dea-scéal ríocht Dé, agus an dáréag á thionlacan chomh maith le mná áirithe a bhí leigheasta ó dhrochspioraid agus ó éagruais: Máire ar a nglaotar an Mhaigdiléanach - a raibh seacht ndeamhain imithe aisti - agus Ióánna bean Chúsa, maor Héaróid, agus Súsanna, agus mórán nárbh iad, a bhíodh ag freastal orthu as a maoin.
A Íosa, labhraíonn tú liom trí chomhrá na soiscéal.
Déanfaidh mé mo dhícheall freagra a thabhairt ar ghlaoch Dé.
Cabhraigh liom saothar do láimhe a aithint i ngnáthimeachtaí an lae.
Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh,
Mar a bhí ar dtús, mar atá anois agus mar a bheas go brách;
Trí shaol na saol.
Cuireann muid fáilte roimh d’aiseolas faoin bpaidir laethúil. Ba bhreá linn smaointe maidir le cur chun cinn an tsuímh a fháil freisin.