Láthair Dé
Ag am ar bith den lá is féidir linn glaoch ar Íosa.
Bíonn sé ag fanacht de shíor, ag tnúth le glaoch uainn.
Nach iontach an bheannacht í sin -
díreach cogar uainn agus bímid i gcomhluadar a chéile.
Ag am ar bith den lá is féidir linn glaoch ar Íosa.
Bíonn sé ag fanacht de shíor, ag tnúth le glaoch uainn.
Nach iontach an bheannacht í sin -
díreach cogar uainn agus bímid i gcomhluadar a chéile.
Iarraim an grásta ar Dhia chun a bheith ábalta
mo chúraimí féin a scaoileadh uaim;
ionas go mbeinn oscailte do Dhia féin,
don méid atá seisean ag iarraidh ormsa.
Mar sin ligfidh mé do Dhia mo bheatha a stiúrú agus a mhunlú.
Cén áit a bhraithim dóchas, uchtach agus fás i mo shaol?
Ag breathnú siar tamall b’fhéidir go raibh eachtraí agus ócáidí a chabhraigh liom fás.
Déanfad deimhin am agus spás a thabhairt dóibh seo sa todhchaí.
Chonaic Íosa Natanael ag teacht chuige agus dúirt ina thaobh: "Sin Iosraelach dáiríre nach bhfuil aon fheall ann." "Cén chaoi a n-aithníonn tú mé?" arsa Natanael leis. D'fhreagair Íosa: "Sular ghlaoigh Pilib ort," ar sé leis, "agus tú faoin gcrann fígí, chonaic mé thú." D'fhreagair Natanael é: "A raibí, is tú mac Dé, is tú rí Iosrael." D'fhreagair Íosa: "De bhrí go ndúirt mé leat," ar sé leis, "go bhfaca mé thú faoin gcrann fígí creideann tú. Feicfidh tú nithe is mó ná iad seo. Go deimhin féin, a deirim libh," ar sé leis, "go bhfeicfidh sibh na flaithis ar oscailt agus aingil Dé ag dul suas agus ag teacht anuas ar Mhac an Duine."
Cad a bhraithim le linn dom a bheith ag guí?
Samhlaím Íosa ina sheasamh nó ina shuí os mo chomhair amach.
Nochtaim rún mo chroí dó.
Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh,
Mar a bhí ar dtús, mar atá anois agus mar a bheas go brách;
Trí shaol na saol.
Cuireann muid fáilte roimh d’aiseolas faoin bpaidir laethúil. Ba bhreá linn smaointe maidir le cur chun cinn an tsuímh a fháil freisin.