Láthair Dé
A Thiarna, bíodh lúcháir orm i gcónaí.
Cuir i gcuimhne dom méid na mbeannachtaí
atá bronnta agat orm.
A Thiarna, bíodh lúcháir orm i gcónaí.
Cuir i gcuimhne dom méid na mbeannachtaí
atá bronnta agat orm.
Tá sé fuirist a bheith gafa le cúraimí an tsaoil
agus le háirgí saolta.
Cabhraigh liom, a Thiarna, gan a bheith santach ná leithleasach.
Meabhraigh dom go bhfuil na nithe is fearr saor in aisce
- grá, gáire agus roinnt lena chéile.
Mairim i gcomhluadar – bainteach le nádúr, le daoine, le Dia.
Ag machnamh ar an gceangal seo
gabhaim buíochas as an mbeatha a shníonn tríothu.
Uaireanta bíonn briseadh: brón, fearg, díomá.
Cabhraigh liom a Dhia glacadh le cúrsaí faoi mar atá
agus maithiúnas a thabhairt.
Agus ghabh iontas cách faoi mhórgacht Dé. Agus nuair ab ionadh le cách a raibh á dhéanamh aige, dúirt sé lena dheisceabail: "Gabhaigí chugaibh na briathra seo in bhur gcluasa, óir tá Mac an Duine le tabhairt ar láimh do dhaoine." Ach níor thuig siad an focal sin; bhí a bhrí ceilte orthu ionas nach bhfeicfidís é, agus bhí eagla orthu ceist a chur air mar gheall ar an bhfocal sin.
Cuirim i gcuimhne dom féin go bhfuilim i láthair Dé i gcónaí.
Ansin, samhlaím Íosa féin ina sheasamh nó ina shuí os mo chomhair amach.
Nochtaim m'intinn agus rún mo chroí dó.
Déanaim comhrá Leis díreach mar a dhéanfadh cairde lena chéile.
Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh,
Mar a bhí ar dtús, mar atá anois agus mar a bheas go brách;
Trí shaol na saol.
Cuireann muid fáilte roimh d’aiseolas faoin bpaidir laethúil. Ba bhreá linn smaointe maidir le cur chun cinn an tsuímh a fháil freisin.