“Ach bhur mbarúil air seo: Bhí beirt mhac ag duine. D’agaill sé duine acu ar dtús: ‘A mhic,’ ar seisean, ‘téighse inniu ag obair san fhíonghort.’ D’fhreagair sé é: ‘Tá go maith, a dhuine uasail,’ ar seisean; ach ní dheachaigh. D’agaill sé an dara duine ar an gcuma chéanna, agus b’é a fhreagra seo: ‘Ní dhéanfaidh mé,’ ar seisean; ach ina dhiaidh sin tháinig aiféala air agus chuaigh. Cé acu den bheirt a rinne toil a athar?” “An dara duine,” ar siad. Dúirt Íosa leo: “Deirim libh go fírinneach, tá tosach ag na poibleacánaigh agus ag na striapacha oraibhse isteach i ríocht Dé. Óir tháinig Eoin chugaibh ar shlí na fíréantachta agus níor chreid sibh ann; na poibleacánaigh, áfach, agus na striapacha, chreid siad ann; agus cé go bhfaca sibhse é sin, níor bhuail an t aiféala mall féin sibh chun go gcreidfeadh sibh ann.”