Láthair Dé
I mo shuí anseo dom, tugaim faoi deara
go bhfuil Dia ag amharc go grámhar orm
agus um' chothú i mo bheatha.
Déanaim machnamh air seo ar feadh tamaillín ghearr.
I mo shuí anseo dom, tugaim faoi deara
go bhfuil Dia ag amharc go grámhar orm
agus um' chothú i mo bheatha.
Déanaim machnamh air seo ar feadh tamaillín ghearr.
Tá saoirse agam.
Nuair a fhéachaim ar na focail sin i scríbhinn cruthaíonn siad iontas ionam.
Buíochas le Dia as ucht saoirse a bheith agam.
Agus a fhios agam go bhfuil grá gan choinnníollacha ag Dia dom,
féachaim siar go macánta ar an lá – na heachtraí agus mo mhothúcháin.
An bhfuilim buíoch as aon rud?
Gabhaim buíochas le Dia.
An bhfuil brón orm faoi rud ar bith?
Iarraim maithiúnas.
Tháinig na deisceabail san am sin ag triall ar Íosa chun a rá: “Cé hé mar sin an té is mó i ríocht na bhflaitheas?” Ghlaoigh sé leanbh chuige, chuir ina sheasamh ina lár é agus dúirt: “Deirim libh go fírinneach, mura gcasa sibh arís chun bheith ar nós na leanaí, ní rachaidh sibh isteach i ríocht na bhflaitheas choíche. Mar sin, duine ar bith a dhéanfaidh é féin uiríseal ar nós an linbh seo, beidh sé sin ar an té is mo i ríocht na bhflaitheas. Agus cibé duine a ghlacfaidh a leithéid seo de leanbh ar son m’ainm, glacann sé mise.
“Aire daoibh gan bheith neamhshuimiúil i nduine ar bith de na rudaí beaga seo, óir deirim libh, bíonn a n aingil ar neamh ag breathnú de shíor ar ghnúis m’Athar atá ar neamh."
Cuirim i gcuimhne dom féin go bhfuilim i láthair Dé i gcónaí.
Ansin, samhlaím Íosa féin ina sheasamh nó ina shuí os mo chomhair amach.
Nochtaim m'intinn agus rún mo chroí dó.
Déanaim comhrá Leis díreach mar a dhéanfadh cairde lena chéile.
Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh,
Mar a bhí ar dtús, mar
atá anois agus mar a bheas go brách;
Trí shaol na saol.
Cuireann muid fáilte roimh d’aiseolas faoin bpaidir laethúil. Ba bhreá linn smaointe maidir le cur chun cinn an tsuímh a fháil freisin.