Láthair Dé
Agus mé i mo shuí anseo, is comharthaí iad,
bualadh mo chroí, tuile agus trá m'anála, gluaiseachtaí m'aigne,
comharthaí go bhfuil Dia fós do mo chruthú.
Moillim ar feadh nóiméid, agus tógaim faoi ndeara
Láithreacht seo Dé istigh ionam.
Agus mé i mo shuí anseo, is comharthaí iad,
bualadh mo chroí, tuile agus trá m'anála, gluaiseachtaí m'aigne,
comharthaí go bhfuil Dia fós do mo chruthú.
Moillim ar feadh nóiméid, agus tógaim faoi ndeara
Láithreacht seo Dé istigh ionam.
Deir Naomh Iognáid Loyola go múineann Dia mé
díreach mar a mhúineann múinteoir a dhalta.
Meabhraím dom féin go bhfuil Dia ag mo mhúineadh de shíor.
Iarraim grásta Dé chun cabhrú liom éisteacht
agus a ligean do Dhia mé a athrú, a mhúnlú agus a athmhúnlú.
Conas atáim inniu? Maidir le Dia, conas atáim?
An bhfuilim buíoch as aon rud? Más' ea, gabhaim buíochas leis.
An bhfuil brón orm faoi aon rud? Más' ea, iarraim maithiúnas air.
Agus ag gluaiseacht dóibh, dúirt duine éigin sa tslí leis: "Leanfaidh mé thú cibé áit a rachaidh tú." Dúirt Íosa leis: "Tá prochóga ag na sionnaigh agus neadacha ag éanlaith an aeir, ach níl ag Mac an Duine áit ar a leagfadh sé a cheann." Dúirt sé le duine eile: "Lean mise." Ach dúirt seisean: "A Thiarna, bíodh cead agam dul ar dtús agus m'athair a adhlacadh." Dúirt sé leis: "Lig do na mairbh a mairbh a adhlacadh, ach imigh tusa agus craobhscaoil ríocht Dé." Dúirt duine eile fós: "Leanfaidh mé thú, a Thiarna, ach bíodh cead agam ar dtús slán a fhágáil ag muintir mo thí." Ach dúirt Íosa leis: "Aon duine a bhuaileann a lámh ar an gcéachta agus a fhéachann siar ina dhiaidh, níl sé oiriúnach do ríocht Dé."
I gcomhrá bíonn caint agus éisteacht i gceist.
Chomh maith le bheith ag caint le hÍosa ní mór dom a bheith socair agus éisteacht le hÍosa.
Samhlaím séimhe ina shúile le linn dó a bheith ag féachaint orm go grámhar, lúcháireach.
Is féidir liom a bheith macánta le hÍosa le linn dom mo chúraimí agus mo bhuarthaí a scaoileadh leis ó íochtar mo chroí.
Iarraim ar Íosa cabhrú liom mo mhuinín a chur ann go hiomlán toisc go dtuigim go dtugann sé an rud is fearr dom i gcónaí.
Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh,
Mar a bhí ar dtús, mar atá anois agus mar a bheas go brách;
Trí shaol na saol.
Cuireann muid fáilte roimh d’aiseolas faoin bpaidir laethúil. Ba bhreá linn smaointe maidir le cur chun cinn an tsuímh a fháil freisin.